Main menu:
Tá Scoil Bhriocain suite i bparóiste Rosmuc i gceartlár Ghaeltacht na Gaillimhe. Is scoil bheag muid le 29 dalta ( 2011-12) ina bhfuil dul chun cinn pearsanta agus forbairt iomlán an ghasúr mar sprioc againn. Tá sé mar aidhm againn chomh maith an Ghaeilge a chaomhnú sa scoil agus cúnamh a thabhairt d'aon eagraíocht atá ag caomhnú an teanga sa pharóiste.